Pobail

Cuireann FÁS cláracha fostaíochta agus oiliúna pobalbhunaithe ar fáil chun foghlaim a sholáthar i gceantair áitiúla. Eagraítear cláracha i gcomhair le heagraíochtaí pobail, deonacha agus poiblí. Bhain níos mó ná 30,000 duine leas astu seo sa bhliain 2005 amháin.

Cláracha fostaíochta is ea Fostaíocht Pobail (CE) agus Tionscnamh Jab atá dírithe don chuid is mó orthu siúd atá dífhostaithe le fada agus ar ghrúpaí eile faoi mhíchumas. Tugann CE deis dóibh siúd atá páirteach páirt a ghlacadh in obair úsáideach laistigh dá bpobal féin ar bhonn sealadach, ar théarma seasta. Sa dóigh seo, cuidíonn eagraíochtaí áitiúla le forbairt a gceantair féin trí Chláracha a Mhaoiniú, de ghnáth i réimsí na seirbhísí sóisialta, cúram sláinte, ealaíona, cultúr, turasóireacht, spórt, comhshaol agus oideachas.

Clár eile is ea an Tionscnamh Oiliúna Áitiúil inar féidir le grúpaí pobail togra a bhunú atá dírithe ar sheirbhísí oiliúna agus pobail a sholáthar go háitiúil. Cuirtear oiliúint ar fáil thar raon leathan de réimsí, mar shampla cúram leanaí, gairneoireachta, sláinte phoiblí agus ginealas. Tá sé d’aidhm ag an gclár deiseanna solúbtha oiliúna a sholáthar chun cuidiú le daoine cáilíochtaí a bhaint amach agus dul chun cinn a dhéanamh chuig oideachas/oiliúint breise nó isteach san fhostaíocht.

Acmhainní eile FÁS atá bunaithe sa phobal is ea Ionaid Oiliúna Áitiúla a chuidíonn do lucht luathfhágála scoile don chuid is mó, agus Clubanna Jab a thairgíonn comhairle agus cúnamh praiticiúil ar phost a fháil.

Tairgíonn na Cláracha Tionscnamh Lucht Siúil agus Léaslínte Níos Leithne cúnamh atá dírithe, agus cuidíonn FÁS le daoine faoi mhíchumas post a fháil tríd an gClár um Fhostaíocht faoi Thacaíocht. Freisin tá conarthaí ag FÁS le Soláthróirí Speisialta Oiliúna, a thugann aire speisialta don duine aonair chomh maith le treallamh speisialta agus ábhar leasaithe chláir do dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag Comhionannas agus Cuimsitheacht.

Cuireann FÁS tacaíocht airgeadais ar fáil i bhfoirm Liúntais agus Maoiniú chun cuidiú lena chláracha, mar shampla oiliúint agus, nuair atá incháilitheacht ann, taisteal, lóistín, béilí agus cúram leanaí.

Is Eagraíocht é FÁS atá cláraithe le Láraonad Seiceála na nGardaí (GCVU) “a dhéanann nochtadh ar sheiceálacha ar stair choiriúil d’eagraíochtaí cláraithe i dtaobh le, inter alia, fostaithe ionchasacha, oibrithe deonacha, mic léinn ar socrú agus oiliúnaithe a mbeadh rochtain shuntasach, neamh-mhaoirsithe acu ar dhaoine óga agus ar aosaigh leochaileacha araon” Baineann an beartas seo le ról FÁS mar sholáthraí cláir oiliúna agus fostaíochta, go háirithe maidir le cáilitheacht agus earcaíocht rannpháirtithe nó oiliúnaithe féideartha atá ag obair nó atá faoi oiliúint chun obair le leanaí agus/ nó le haosaigh leochaileacha*.

Íoslódáil Beartas Seiceálan an Gardaí de chuid FÁS [PDF - 29kb]

Íoslódáil Faisnéis Foghlaimeora Seiceálan an Gardaí [PDF - 222kb]

*Tagraíonn ‘Aosaigh leochaileacha’ do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs Seiceála na nGardaí i FÁS

Mar chríoch, ba chóir do ghrúpa nó duine aonair ar bith a bhfuil suim acu maoiniú a thabhairt nó páirt a ghlacadh in aon cheann de na seirbhísí pobail thuasluaite dul i dteagmháil lena n-Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie