Oiliúint

baile » Oiliúint » Soláthar Oiliúna » Treoracha Oiliúna

Treoracha

Treoracha Oiliúna

Tá FÁS tiomanta do chur chuige córasach i bhforbairt, soláthar agus athbhreithniú a sholáthar oiliúna faoi réir na Sraithe i nDeimhniú Cáilíochta, Measúnú agus Oiliúint FÁS. Tá sé d'aidhm ag oiliúint FÁS freastal ar riachnais an mhargaidh saothair, cuimsitheacht shóisialta agus iomaíochas eacnamaíocht ag leibhéal náisiúnta, geografaíochta, earnála, eagrais agus aonair.

Déanann FÁS measúnú agus soláthar, mar is cuí, ar ghnéithe uilig an tsoláthair oiliúna agus cláracha á ndearadh, .i. misean an eagrais, riachtanais an mhargaidh saothair, spriocdhaonra, dearadh cláir, soláthar, measúnú, rochtain foghlaimeora, aistriú agus dul chun cinn, athbhreithniú cláir agus, nuair is cuí, taithí/socrúchán oibre.

Dearadh treoirlíinte oiliúna mar fhreagra ar riachtanais na tionsclaíochta agus an duine aonair araon.

Díríonn na polasaithe agus gnásanna um Dheimhniú Cáilíochta a úsáideann FÁS ar shonraíocht oiliúna a chruthú, plean oiliúna a ullmhú, agus gnóthachtáil oiliúna a mheas. Roimhe seo, caithfear riachtanais oiliúna a athint, agus impleachtaí costais a bheith measta agus aontaithe.


Sonraíocht Oiliúna


Leagann na treoirlínte um Shonraíocht Oiliúna, ar a dtugtar Deimhniú Cáilíochta (QA) 58/01, amach an bunchaighdeán íosta agus sonraíocht oiliúna á dhearadh. Tugann sé cur síos mionsonraithe ar na míreanna le plé agus aon bhloc oiliúna á dhearadh - clár, cúrsa, módúil nó aonad. Mar sin, cuimsíonn sé gnéithe ar nós aidhm, spriocanna, cur chuige, treallamh/ábhair le húsáid, na taifid le coinneáil, an córas measúnaithe agus deimhnithe.

Léigh tuilleadh faoi na:

Plean Oiliúna


Leagann na treoirlínte um Phlean Oiliúna, ar a dtugtar QA 39/01, amach na bunriachtanais agus plean oiliúna á ullmhú. Creatlach is ea é a thaispeánann struchtúr ginearálta an ábhair oiliúna chun aidhmeanna ar leith a bhaint amach. Próiseas is ea an plean oiliúna chun ábhar agus ord oiliúna a chinneadh chun treoir a thabhairt don fhoghlaim le measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn ag am ar bith.

Léigh tuilleadh faoin:

Gnóthachtáil Oiliúna a Mheasúnú

Tá raon cur chuigí measúnaithe i bhfeidhm ag FÁS dá chláir oideachais agus oiliúna éagsúla faoi láthair. Tá gach cur chuige bunaithe ar Fheidhmíocht foghlaimeoirí a mheas i gcoinne caighdéan a cinneadh roimh ré. Go dtí seo, tá roinnt doiciméid ardleibhéil táirgthe ag FÁS ar bhain an eagraíocht an-leas astu mar áiseanna agus treoir maidir le méasúnú a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Le blianta beaga anuas, áfach, tá forbairtí inmheánacha agus seachtracha tar éis tionchar díreach a bheith acu ar an gcómhthéacs ina dtugtar faoi mheasúnachtaí FÁS, agus tá ceanglais bhreise cruthaithe acu, a bhfuil FÁS tar éis díriú orthu. Tá ceanglais maidir le dearbhú cáilíochta agus dearbhú comhionannais go mór i gceist leis seo agus is as reachtaíocht náisiúnta agus beartais inmheánacha, agus próisis a ceapadh chun díriú orthu a eascraíonn na ceanglais seo.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie