Sláinte & Sábháilteacht sa Tógáil
Tá clár Pas Slán agus Oiliúint i bhFeasacht Sláinte agus Sábháilteachta ann lena chinntiú, thar am, go mbeidh buneolas ag na hoibrithe uilig sa tógáil ar sláinte agus sábháilteacht, agus a bheith in ann obair ar an láthair gan contúirt a chruthú dóibh féin nó do dhaoine eile. Ó thaobh na sláinte agus sábháilteachta de, tá ceangal dlí ar oibrithe tógála cárta bailí Pas Slán a bheith acu. Leis an gcúlra seo, cuireadh an clár ar bun i gcomhair le páirtithe leasmhara.
Tá Aidhmeanna an chláir dírithe don chuid is mó ar fheasacht sláinte agus sábháilteachta, agus cuimsíonn na Buntáistí cultúr sábháilteachta feabhsaithe. Tá roinnt modúil in ábhar an chúrsa Pas Slán.
Tugann Cuid 1, Alt 4 de na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag Obair (Tógáil) 2006 mionsonraí ar na catagóirí d'oibrithe a aithníonn Cárta Cláraithe Feasacht Sábháilteachta. Freisin caithfidh printísigh tógála cláraithe faoin Scéim Printíseachta Caighdeánbhunaithe, agus oiliúnaithe faoi oiliúint sa Tionscal Tógála Cárta Cláraithe Feasacht Sábháilteachta a bheith acu.
Cuimsíonn na Critéirí Incháilitheachta do thraenálaithe agus oiliúnóirí sa chlár oideachas, taithí oibre agus oiliúint. Féach Clár Oiliúnóirí Pas Slán.
Féach mionsonraí praiticiúla faoi Iarratais don chlár. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár Pas Slán, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil nó seol R-phost chuig an Roinn Pas Slán.