Cur Chuige na Páirtíochta
Bunaíodh Clár Pas Slán FÁS mar thoradh ar thionscnamh ó Choiste Oiliúna Thionscal na Tógála.
Cuireadh an tionscnamh seo isteach sa Phlean Páirtíochta um Shábháilteacht sa Tógáil a sheol Tom Kitt T.D., Aire Ghnóthaí Saothair, Trádála agus Tomhaltóra i nDeireadh Fómhair na bliana 2000. Bhí comhchomhairle sonraithe idir FÁS agus sainghrúpaí oibre mar ionadaithe ar na Páirtithe Sóisialta le tacaíocht ó Choiste Oiliúna Thionscal na Tógála. Dhírigh an chomhchomhairle ar ábhar agus soláthar an chláir Pas Slán FÁS agus cuireadh sa áireamh an spriocghrúpa a raibh sé le soláthar dó.
Cé go dtugtar oiliúint i bhfeasacht sláinte agus sábháilteachta faoin gclár Pas Slán – a chloonn le forálacha am Achta um Sláinte, Sábháilteacht agus Leas ag Obair 2005, na Rialacháin um Sláinte, Sábháilteacht agus Leas ag Obair (Forfheidhmiú Ginearálta), agus na Rialacháin um um Sláinte, Sábháilteacht agus Leas ag Obair (Tógáil) 2006 – ní féidir a ghlacadh leo chun fortóirí a scaoileadh saor óna ndualgas reachtúil chun oiliúint chuí eile sa sláinte agus sábháilteacht dá bhfostaithe.