Na Daoine Cearta a Aimsiú
Is féidir le fostóirí eolas comhlachta agus folúntais do phoist a fhógairt ar Jabanna Éireann FÁS agus ag an am céanna, CVanna chuairdaitheoirí poist a fheiceáil agus a aisghabháil, leagtha amach de réidir chritéirí ar nós cineál gairme, leibhéal oideachais, ceadúnas tiomána agus suíomh.
Tá sé de rogha ag fostóirí na daoine áitiúla is fearr a roghnú nó cuardach a dhéanamh ar fud na hEorpa. Trí chóras EURES de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, is féidir le fostóirí teacht ar bhunachar sonraí de chuardaitheoirí poist ar mian leo obair in Éirinn.
Nithe Praiticiúla
I ngníomh, tá 2 bhealach le tabhairt faoi phoist a fhógairt do chuardaitheoirí poist ar Jabanna Éireann FÁS. Is féidir le fostóirí na sonraí folúntais a thabhairt le glaoch gutháin chuig Ionad Teagmhála Náisiúnta FÁS ag saorghlao 1800 611 116, nó is féidir leo na sonraí folúntais chur isteach go díreach ar Shuíomh Gréasáin Jabanna Éireann FÁS agus na freagraí ó chuardaitheoirí poist a bhainistiú iad féin. Is féidir le fostóirí teagmháil a dhéanamh ar an mbealach is rogha leis na hiarrthóirí atá roghnaithe.
Mura líontar an folúntas ag cuardaitheoirí poist a théann i dteagmháil leis an bhfostóir as a stuaim féin, cuirfidh FÁS liosta ar fáil d’iarrthóirí ó chlár na gcuardaitheoirí poist, atá oiriúnach de réir sonraí an fholúntais.
Aimsigh an fhoireann cheart ag Jabanna Éireann FÁS nó le haghaidh tuilleadh eolais, cuir saorghlao ar 1800 611 116 nó téigh i dteagmháil le d’Oifig FÁS áitiúil.