Is riocht é an Scléaróis Iolrach (SI) ina mbíonn athlasadh agus loirg ar lárchóras na néaróg (an inchinn agus corda an droma) agus leis na loirg seo cuirtear pasáiste na néar-ríog idir an inchinn agus codanna eile den chorp as riocht nó cuirtear bac air. Ní fios cad is cúis leis. Tá cineálacha éagsúla SI ann, idir SI Neamhurchóideach, SI Athiompaithe-Tarchurtha agus SI Forchéimnithe Phríomhúil. Tugtar cóir leighis do dhaoine le SI trí úsáid a bhaint as inteirféaróin (is próitéiní iad seo a scaoileann an corp nuair a tharlaíonn athlasadh); is féidir leo an t-athlasadh a mhoilliú nó a spreagadh. Léiríonn taighde a rinneadh an bealach a mhaolaíonn siad an t-athlasadh agus an bealach ar féidir leo iarchur a chothú nó na comharthaí a chobhsú, laghdaítea.r an riosca athiompaithe de tuairim is 30%. Is féidir go n-ordaítear cógais eile chun cuidiú le comharthaí daoine aonair a bhainistiú. Tá an-chuid daoine anois atá ag baint úsáide as leigheas malartach agus faigheann siad tacaíocht ón bhfisiteiripe agus ón reifléacseolaíocht, i measc córacha leighis eile.
An ghnáthaois diagnóise ná go déanach sna fichidí go dtí lár na ndaichidí. Tá tuairim is 6,000 duine in Éirinn a ndearnadh diagnóisiú SI orthu le cóimheas triúr ban do gach beirt fhear.
MS Ireland
80 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Líne Chabhrach: 1850 233 233
Teil: +353 (0)1 678 1600
Facs: +353 (0)1 678 1601
info@ms-society.iehttp://www.ms-society.ie/