Scitsifréine
Is tinneas meabhrach tromchúiseach é Scitsifréine ina mbíonn suaite i smaointe daoine, aireachtálacha, mothúcháin agus san iompar. Cuireann sé isteach ar tuairim is duine amháin as céad duine agus de ghnáth tarlaíonn sé ar dtús san ógántacht nó san luath-aosacht.
Tá líon comharthaí agus airíonna i gceist le scitsifréine. Ach, tá éagsúlacht mhór i gceist i gcomharthaí gach duine. Roinntear na comharthaí in dhá ghrúpa, comharthaí ‘dearfacha’ (ar a dtugtar síocóis freisin) a léiríonn cineálacha smaointeoireachta and iompraíochta nua nó neamhchoitianta, agus comharthaí ‘diúltacha’, a léiríonn caillteanas de mhothúcháin agus cumais a bhí ann roimhe. Níl aon chúis amháin aimsithe go dtí seo; b’fhéidir go bhfuil cúiseanna éagsúla i gceist lena n-áirítear cúiseanna oidhreachtúla agus comhshaoil.
Is éard atá i gceist leis an gcóir leighis ná na comharthaí síocóiseacha a bhrú faoi chois, le leibhéal imní an othair a laghdú, tuiscint mheabhrach shoiléir a athshlánú ar an réadúlacht agus cuidiú leis an duine a shaol a atógáil i mbealach ina bhfuil sé sásúil ach nach bhfuil mórán struis ag baint leis. Is féidir go mbeidh torthaí éagsúla leis an gcóir leighis; tiocfaidh feabhas iomlán ar 25% díobh, beidh eipeasóidí athfhillteacha ag 40% díobh agus beidh scitsifréine fhadtréimhseach ag 35% díobh, le ráta ard a ghlactar isteach sna hospidéil agus le míchumas sóisialta.