Naisc Úsáideacha

baile » Naisc Úsáideacha » Míchumas » Neamhoird itheacháin

Neamhoird itheacháin

Go minic ní bhíonn cúis ar leith le neamhoird itheacháin ach tarlaíonn siad thar tréimhse ama ag freagairt do shuaite atá ag cur isteach ar an duine aonair. D’fhéadfadh fadhbanna a bhaineann leis an teaghlach nó leis an scoil, luachanna foirfeora, easpa cairde, mí-úsáid ghnéasach nó mhothúcháin, bulaíocht, tuairim láidir le go n-éireoidh leat ní mór duit a bheith tanaí, gá le daoine eile a shásamh agus eagla a bheith ar dhaoine maidir le héirí aníos. Ní thosaíonn siad amach mar rogha comhfhiosach agus ní bealach ‘aird-éilitheach’ iad d’aon ghnó.

Léiríonn taighde a rinneadh gur féidir le daoine áirithe an claonadh neamhoird itheacháin a fháil ón oidhreacht. Tá Anorexia Nervosa, Bulimia Nervosa, Neamhoird Itheacháin Ragúis agus cineálacha éagsúla Otrachta. Is féidir cumaí éagsúla a bheith i gceist leis an ithe neamhordaithe, idir fhéin-ocras agus ragús. Baintear feidhm as an iomaraca aclaíochta nó urlacan féin-aslaithe, buarannaigh nó fualbhrostaigh le méadú meáchain a sheachaint (purgú). Thar tréimhse ama, má choinnítear leis na hiompraíochtaí seo, cuirfidh siad isteach go mór ar shláinte an choirp agus ar an sláinte mothúcháin. Tá sé tábhachtach cóir leighis a fháil don neamhord, toisc go bhféadfaí bás a fháil leis. Tá gá go mbeadh mórán íogaireachta, atrua, measa, tuisceana agus foighne ag daoine atá timpeall orthu siúd leis an neamhord má tá an duine le spreagadh agus má tá tacaíocht le tabhairt dó ionas go dtiocfaidh feabhas ar an duine.

BODYWHYS
An Lároifig
Bosca Oifig Phoist 105
An Charraig Dhubh
Co. Bhaile Átha Cliath
Teil: +353 (0)1 283 4963
Líne Chabhrach: 1890 200 444
Facs: +353 (0)1 283 4963
info@bodywhys.ie
www.bodywhys.ie

Is carthanas náisiúnta é BODYWHYS a chuireann tacaíocht, tuiscint agus faisnéis ar fáil do dhaoine le neamhoird itheacháin. Cuireann siad tacaíocht ar fáil freisin do theaghlaigh agus cairde na ndaoine le neamhoird itheacháin agus do dhaoine gairmiúla.

Cumann an Neamhoird Itheacháin
Donna O'Connor
Stiúrthóir: Síceolaithe
Teil: +353 (0)1 412 6690
donnaoc_2000@emailfast.com

Cuireann Cumann an Neamhoird Itheacháin comhairleoireacht duine le duine le síceolaithe aitheanta ar scála comhghluaisteach. Bíonn cainteanna faisnéise acu don phobal agus eagraíonn siad cláir um chosc sna meánscoileanna. Oibríonn an cumann go dlúth leis na hospidéil agus leis na dochtúirí chun cuidiú le biseach an duine le neamhord itheacháin, agus tá sé ath-aitheanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie