Is neamhord géiniteach de lárchóras na néaróg é Neamhluail Friedreich a chuireann isteach ar chomhordú agus gluaiseacht an choirp. De ghnáth tarlaíonn sé do pháistí idir na haoiseanna sé bliana agus sé bliana déag d’aois ach is féidir go dtarlóidh sé níos déanaí. Is éard a tharlaíonn ná go gcliseann comhordú chorp an duine de réir a chéile, agus go mbíonn liopastacht i gceist chomh maith le deacrachtaí leis an gcorp a choimeád ar mheá agus ag an deireadh urlabhra leata. Ag an deireadh tá an duine i gcathaoir rothaí. Ní chuireann sé bac ar fheidhm na hinchinne.
Cumann Neamhluail Friedreich na hÉireann
San Marino
Lána Mart
Carraig an tSionnaigh
Baile Átha Cliath 18
Teil: +353 (0)1 289 4788
Facs: +353 (0)1 289 8845
info@ataxia.iehttp://www.ataxia.ieIs é an cumann an eagraíocht deonach náisiúnta a dhéanann cúram do dhaoine le Neamhluail Friedreich agus do Neamhluailí eile. Gníomhaíonn sé freisin mar fhóram dóibh siúd leis an riocht agus dá ngaolta. Cuireann siad faisnéis, faoiseamh agus seirbhísí tacaíochta ar fáil. Chomh maith leis sin, cuidíonn siad le taighde a mhaoiniú agus déanann siad stocaireacht le haghaidh seirbhísí níos fearr dóibh siúd leis an neamhord agus dá ngaolta.