Le mígréin bíonn ó ghnáthphian go drochphian eipeasóideach ar thaobh amháin den chloiginn agus déanann daoine a bhíonn á fulaingt cur síos air go minic mar phian ina mbíonn bualadh rialta i gceist, a mhaireann ar feadh uaireanta nó fiú laethanta, ach ina mbíonn tréimhsí nach mbíonn pian idir na ruaigeanna. Nuair a thosaíonn mígréin d’fhéadfadh suaite amhairc a bheith in éineacht léi – ‘luan’ (cuireann seo isteach ar 20% de na daoine).
De ghnáth éiríonn an tinneas cinn níos measa trí ghluaiseacht nó trí ghnáthamh gníomhaíochta fisicí. D’fhéadfadh masman, urlacan, buinneach, mearbhall agus, i gcásanna áirithe, pairilis shealadach agus caillteanas urlabhra a bheith in éineacht leis seo.
Tuairiscítear go mbíonn íogaireacht don solas, torann agus bolaithe láidre.
Ceaptar go dtarlaíonn na comharthaí de bharr athruithe sna fuileadáin sa chloigeann, ach ní fios go fóill an fáth go dtarlaíonn na hathruithe seo. Is galar oidhreachtúil é mígréin i dtuairim is 60% de na cásanna, agus fulaingíonn gach aoisghrúpa, páistí chomh hóg le 12 mhí san áireamh. Faighean trí huaire níos mó ban ná fir mígréin, go hiondúil de bharr athruithe hormónacha. Braitheann an chóir leighis ar minicíocht na mígréine.
Cumann Mígréine na hÉireann
Senior House
Coláiste na Naomh Uile
Bóthar Pháirc na Faiche
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
Teil: +353 (0)1 806 4121
Facs: +353 (0)1 806 4122
Líne Chabhrach: 1850 200 378
info@migraine.iehttp://www.migraine.ieTá Cumann Mígréine na hÉireann tiomanta do cháilíocht beatha a fheabhsú do dhaoine le mígréin. Cuirtear faisnéis, tacaíocht agus misniú ar fáil do dhaoine le mígréin. Tá sé mar aidhm aige freisin an tuiscint ar mhígréin a mhéadú ar fud shochaí na hÉireann agus tugtar tacaíocht do thaighde ar an riocht agus ar na córacha leighis.