Naisc Úsáideacha

baile » Naisc Úsáideacha » Míchumas » Fiobróis Chisteach

Fiobróis Chisteach

Is riocht géintarchurtha é Fiobróis Chisteach (FC). Cuireann FC isteach ar na faireoga, ag déanamh damáiste d’orgáin éagsúla, na scamhóga, an paincréas, conair an díleá agus an córas atáirgthe. Déantar múcas ramhar greamaitheach, a bhlocálann na feadáin bhroinceacha agus a chuireann cosc ar einsímí nádúrtha an choirp ó bhia a dhíleá. Má thagann méadú ar an múcas féadfaidh sé a bheith deacair fáil réidh le baictéir agus tarlaíonn infhabhtuithe agus athlasadh sna scamhóga dá bharr, agus ag eascairt as seo d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do na scamhóga.

Feadfaidh sé go gcaithfí daoine le Fiobróis Chisteach cur faoi scian le haghaidh trasplandaithe chroí agus scamhóige, agus riocht leanúnach i gceist. Is éard atá i gceist sa chóir leighis de ghnáth ná fisiteiripe go laethúil a chuidíonn fáil réidh leis an iomarca múcais. I bpáistí, tá an riocht cosúil leis an bplúchadh go minic.

Is é an galar géiniteach is coitianta in Éirinn é, le duine as 20 duine leis an ngéin FC.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie