Is deacracht foghlama ar leith í an disléicse ina mbíonn sé deacair do dhaoine foghlaim conas léamh, scríobh agus litriú i gceart. Ní galar é ná máchail í, ach difríocht sa stíl foghlama. Is rud géiniteach é, beirtear an duine leis. Is rud an-choitianta é i ndáiríre, d’fhéadfadh go gcuireann sé isteach bealach éigin ar suas go 8% den daonra. Ceaptar i gcoitinne go bhfuil i bhfad níos mó fear le disléicse ná mná. Ní tharlaíonn sé mar gheall ar fhadhb fhisiceach leis an radharc ná leis an éisteacht, éirim íseal, suaitheadh mothúcháin, drochmhúinteoireacht ná fadhbanna teaghlaigh, cé go bhféadfadh sé bheith in éineacht le ceann ar bith díobh. Níl aon leigheas ann don disléicse, ach má aithnítear é go luath agus má mhúintear i gceart é, is féidir le daoine le disléicse a gcumas a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh tarlú i gcásanna éagsúla.
Is iad seo a leanas roinnt de na táscairí a d’fhéadfadh a bheith san áireamh má tá disléicse ag duine fásta: taithí scoile míshásúil ina ndearnadh iarracht ach nach raibh na torthaí ann dá bharr; drogall léamh amach os ard, go háirithe le hábhar nua; mílitriú mearbhlach agus/nó foghraíochta; cuimhne gearrthéarmach lag; easpa scileanna eagraíochtúla agus bainistíochta ama; droch-lámhscríbhneoireacht; drochghramadach agus abairtí atá curtha le chéile go dona; deacracht leis an treoshuíomh i.e. idirdhealú a dhéanamh idir clé agus deas; stair disléicse sa teaghlach. Tá deacrachtaí ag formhór daoine fásta le disléicse cuimhniú ar tháblaí iolrúcháin de réir seichimh, uimhreacha teileafóin a bhreacadh síos agus san uimhríocht bhunúsach.
Tá an teicneolaíocht chúnta an-úsáideach do dhaoine le disléicse. Le próiseálaithe focal, litreoirí agus seiceálaithe gramadaí, bogearraí guthoibrithe, léitheoirí scáileáin, scanóirí agus míreanna níos lú ar nós foclóirí leictreonacha agus pinn léitheoireachta tá sé i bhfad níos éasca an saol agus an obair a bhainistiú.
Cumann Disléicse na hÉireann
Suffolk Chambers
1 Sráid Suffolk
Baile Átha Cliath 2
Teil: +353 (0)1 679 0276
Facs: +353 (0)1 679 0273
info@dyslexia.iehttp://www.dyslexia.ieSan áireamh i seirbhísí Chumann Disléicse na hÉireann (DAI) tá seirbhís eolais phoiblí saor in aisce, measúnú sícoideachasúil ar pháistí agus daoine fásta, sainteagasc do ghrúpaí agus do dhaoine aonair, cúrsaí inseirbhíse do mhúinteoirí, scoileanna samhraidh, cainteoirí do ghrúpaí scoile agus tuismitheoirí. Tá 35 brainse ag an gcumann.