Naisc Úsáideacha

baile » Naisc Úsáideacha » Míchumas » Diaibéiteas

Diaibéiteas

Tarlaíonn diaibéiteas nuair a éiríonn na leibhéil glúcóis (siúcra) san fhuil ró-ard le haghaidh sláinte maith. Tarlaíonn seo toisc nach bhfuil dóthain insline ann nó toisc go bhfuil an inslin olltáirgthe easnamhach i mbealach éigin. De ghnáth bíonn leibhéil ard siúcra san fhuil in éineacht le leibhéil ard colaistéaróil san fhuil agus de réir a chéile, d’fhéadfadh dianfhadhbanna a bheith ann dá bharr. Mar sin féin is féidir smacht a chur ar an diaibéiteas.
Go bunúsach tá dhá chineál diaibéitis:

  • Cineál 1 (Diaibéiteas Inslinspleách) – tarlaíonn an ceann seo de ghnáth sula sroichtear 35 bliana d’aois. De ghnáth bíonn comharthaí éagsúla i gceist agus tugtar aird leighis dó go mear. Ní dhéanann an cineál diaibéitis seo inslin, dá bhrí sin, tá sé riachtanach instealladh insline a thabhairt uair amháin ar a laghad in aghaidh an lae. 
  • Cineál 2 (Diaibéisteas neamh-inslinspleách) – tarlaíonn seo i ndiaidh 40 bliain d’aois agus de ghnáth baineann sé le bheith róthrom agus/nó le stair diaibéitis sa teaghlach. De ghnáth ó thaobh cóir leighis níl gá le hinstealltaí insline ach tá cailliúint meáchain de dhíth agus tá gá le haiste bia ar leith a leanúint (gan mórán siúcra ná saille ach le carbaihiodráití neamh-mhínphróiseáilte éagsúla a chuidíonn leis an inslin oibriú go héifeachtúil sa chorp). Uaireanta ní leor cailliúint meáchain agus bíonn táibléid de dhíth chun cuidiú ionas go n-oibreoidh inslin an duine níos fearr.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie