Galar ainsealach is ea alcólacht ina bhfuil dúil láidir d'alcól ainneoin drochthionchar ar shláinte, teaghlach nó obair.. De ghnáth bíonn ceithre chomhartha ann: Dúil san alcól: dúil nó gá ól; Smacht lagaithe: gan a bheith in ann ólachán a shrianadh ar ócáid; Spleáchas fisiciúil: airí éirí as nuair a stoptar úsáid alcóil tar éis bhabhta trom ólacháin (cuimsíonn siad seo masmas, allas, creathadh agus imní); agus Tualang: an gá le méid níos mó alcóil chun a thionchar a bhrath.
Meastar go bhfuil cúiseanna ginealaigh, síceolaíochta, sóisialta agus cultúrtha ag alcólacht. Cé go ritheann alcólacht i dteaghlaigh, ní gá go mbeadh páiste de thuismitheoir alcólach ina (h)alcólach, agus, freisin, is féidir le duine gan aon stair teaghlaigh d'alcólacht a bheith ag brath ar alcól. Is féidir le timpeallacht dhuine tionchar a bheith aige ar fhorbairt na halcólachta, agus cuimsíonn gnéithe timpeallachta tionchar chairde, leibhéil struis agus éascacht alcól a fháil.
Cé nahc féidir é a leigheas, is féidir cóiríocht a dhéanamh air, agus tá cóir leighis ar fáil chun cuidiú le daoine tarraingt siar go slán ó alcól agus gan filleadh air. Fiú má tá alcólach stuama le fada agus an tsláinte ar ais acu, caithfidh siad deochanna alcólacha a sheachaint nó b'fhéidir go dtitfidh said siar arís. Ba chóir a thuiscint go n-éiríonn mná níos mó ar meisce ná fir i ndiaidh dóibh an méid céanna alcóil a ól agus go mbíonn níos mó de rian fisiciúil ag mí-úsáid alcóil ar mhná ná ar fir.
Is féidir le hólachán trom contúirtí a mhéadú maidir le teip croí, stróc agus brú ard fola, chomh maith le fadhbanna eile leighis, ar nós galar ae.
109 Cuarbhóthar Theas
Cúinne Leonard
Baile Átha Cliath 8
Teil: +353 01 453 8998
Facs: +353 01 453 7673
Grúpa tacaíochta is ea Al-Anon do chéilí agus daoine suntasacha eile i saol alcólaigh agus do leanaí alcólach.
5/6 Sráid Capel
Baile Átha Cliath 1
Teil: +353 (0)1 873 2699
Comhbhráithreachas de dhaoine óga ar chuaigh dian-ólachán a dtuismitheoirí i gcion orthu. Is féidir dul i dteagmháil leo trí Ionad Eolais Al-Anon (féach thuas).