Fostóir

 

FÁS & Fostóirí

Cuardaigh Foireann / Déan Folúntas a Fhógairt

Search For Staff

Le FÁS, is féidir le fostóirí fostaithe a aimsiú nó folúntais a liostáil ar Jabanna Éireann FÁS (saorfhón 1800 611 116), nó bualadh le Comhairleoirí EURES le hEarcú ón Eoraip a phlé, le rochtain ar bhunachar sonraí de chuardaitheoirí poist ón Eoraip. Tá Earcú ó Lasmuigh den Eoraip ar fáil freisin le heolas ar Cheadúnais Oibre sa rannóg Obair Thar Lear.

Sa chaoi is go mbeidh na scileanna agus cáilíochtaí cearta ag fostaithe, cuireann FÁS cúrsaí oiliúna ar fáil atá in oiriúint do ghach uile riachtanas, lena n-áirítear oiliúint ar líne trí e-Choláiste; an Scéim Deimhnithe Scileanna Tógála agus Pas Slán atá in oiriúint don earnáil tógála. Forbraítear Oiliúnaitheachtaí, a mheascann oiliúint fhoirmeálta le hoiliúnú san ionad oibre, i gcomhair le fostóirí agus ceardchumainn, agus cuirtear in oiriúint iad do riachtanais thionscal na hÉireann agus ghnó áitiúil. Is féidir le fostóirí gach eolas a fháil ar an gcóras Printíseachta, agus an próiseas clárúcháin san áireamh, sa rannóg Oiliúna.

Bronntar caighdeán náisiúnta na hÉireann um bhainistiú acmhainní daonna trí chóras FÁS Feabhas Trí Dhaoine, uirlis rathúil d’fheabhsú gnó a dearadh chun feidhmíocht eagraíochta a chur chun cinn trína dhaoine.

Is féidir le fostóirí atá ag lorg eolais ar fhostaíocht agus oiliúint do dhaoine faoi mhíchumas nó le riachtanais speisialta, lena n-áirítear Soláthróirí Speisialta Oiliúna, chomh maith le cláracha cuimsitheachta sóisialta, ar nós Mná ag Filleadh ar Obair, an t-eolas a fháil ag Comhionannas agus Cuimsitheacht.

Is Eagraíocht é FÁS atá cláraithe le Láraonad Seiceála na nGardaí (GCVU) “a dhéanann nochtadh ar sheiceálacha ar stair choiriúil d’eagraíochtaí cláraithe i dtaobh le, inter alia, fostaithe ionchasacha, oibrithe deonacha, mic léinn ar socrú agus oiliúnaithe a mbeadh rochtain shuntasach, neamh-mhaoirsithe acu ar dhaoine óga agus ar aosaigh leochaileacha araon” Baineann an beartas seo le ról FÁS mar sholáthraí cláir oiliúna agus fostaíochta, go háirithe maidir le cáilitheacht agus earcaíocht rannpháirtithe nó oiliúnaithe féideartha atá ag obair nó atá faoi oiliúint chun obair le leanaí agus/ nó le haosaigh leochaileacha*.

Íoslódáil Beartas Seiceálanan Gardaí de chuid FÁS           [PDF - 29kb]

Íoslódáil Faisnéis Foghlaimeora Seiceálan an Gardaí        [PDF - 222kb]

*Tagraíonn ‘Aosaigh leochaileacha’ do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs Seiceála na nGardaí i FÁS


Tugann FÁS cúnamh d’fhostóirí i bhfoirm Maoiniú mar thaca le cláracha oiliúna agus fostaíochta ag an leibhéal náisiúnta, earnála, réigiúnda nó comhlachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí a chuireann FÁS ar fáil d’fhostóirí, déan teagmháil le d’Oifig STB FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie