Is é Foras Áiseanna Saothair (FÁS) Údarás Náisiúnta Oiliúna agus Fostaíochta na hÉireann. Bunaíodh é in Eanáir na bliana 1988 faoin Acht Seirbhísí Saothair 1987.
Áiríonn feidhmeanna FÁS cláracha oiliúna agus fostaíochta a oibriú; seirbhís fostaíochta/earcaíochta a sholáthar; seirbhís comhairle do thionscal; agus tacaíocht d'fhiontair pobalbhunaithe.
Capann an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Bord FÁS chun treo leathan an Údaráis a mhaoirsiú. Tá ionadaithe ann ó cheardchumainn, fostóirí, leas shóisialaigh, oideachas agsu óige, chomh maith le hionadaithe ó Ranna Rialtais (Ranna Airgeadais; Oideachais agus Eolaíochta; Gnóthaí Sóisialta, Pobail agus Teaghlaigh; agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta), chomh maith le hionadaithe ó fhostaithe FÁS.
Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as bainistíocht srtaitéiseach FÁS.
Laistigh de FÁS, déanann 20 Stiúrthóir agus 9 Stiúrthóir Réigiúnda prímhghníomhaíochtaí na heagraíochta tríd an líonra náisiúnta.
Tá foireann thart ar 2,240 ag FÁS ina líonra de 66 oiifig seirbhíse fostaíochta agus 20 ionad oiliúna ar fud na tíre. Sa bhliain 2006, bhí buiséad de €999.7 milliún ag FÁS. I rith 2005, ghlac breis agus 89,000 duine páirt i gcláracha FÁS, agus rinneadh próiseáil ar bhreis agus 132,000 folúntas tionscail, agus rinneadh breis agus 77,000 comhairliúchán/clárúchán treoirghairme.