Tugann Athbhreithniú na bliana seo léirmheas foriomlán ar fhorbairtí sa mhargadh saothair in Éirinn (Caibidil 1). I gCaibidil 2, pléitear na freagairtí beartais a tugadh ar an méadú tobann atá tagtha ar an mBeo-Chlár. I gCaibidil 3 féachtar ar bheartas oiliúna agus i gCaibidil 4, tá alt speisialta faoi dhaoine óga nach bhfuil ag obair, ná ag freastal ar oideachas ná i mbun oiliúna.
Tá an tAthbhreithniú seo á fhoilsiú i dtréimhse ina bhfuil deacrachtaí eacnamaíochta tromchúiseacha ar fud na cruinne agus in Éirinn.
Tá impleachtaí aige seo do chúrsaí fostaíochta agus dífhostaíochta agus don airgeadas poiblí. Caithfidh beartais agus cláir an mhargaidh saothair freagairt a thabhairt ar na cúinsí nua seo agus is é aidhm an Athbhreithnithe seo ná freagarití féideartha a phlé. Tá srian ar acmhainní agus is é an dúshlán atá ann, na cuspóirí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a láimhseáil go cothrom leis na riachtanais atá ag grúpaí éagsúla agus le tosaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta.