Go to Navigation
|
Skip Navigation
|
Accessibility Information
|
Site Search
|
Naisc Thapa
Aimsigh Jab
Career Directions
Scéim Deimhniúcháin Scileanna Tógála
Míchumas
e-Coláiste
Fostaíocht de réir gairme
Aimsigh Cúrsa
Aimsigh Foireann/Cuir Folúntas Ann
Saoráil Faisnéise
Foilseacháin & Acmhainní
Pas Slán
Oiliúint Scáileáin éireann
Cuimsitheacht Shóisialta & Comhdheiseanna
Cuardaigh
Baile
|
Inrochtaine
|
A - Z
|
Foirmeacha
Baile
Oiliúint
Eolas Fúinn
Déan Teagmháil Linn
baile
Ceisteanna Coitianta - Gaeilge
Ceisteanna Coitianta (Gaeilge)
Cad iad ainmneacha na mBallstát nua?
An gcaithfidh saoránaigh na mBallstát nua ceadanna oibre a bheith acu chun obair in Éirinn?
An bhfuil na cearta céanna fostaíochta ag saoránaigh na mBallstát nua agus atá ag saoránaigh na hÉireann?
An bhfuil ceart ag saoránaigh na mBallstát nua clárú le FÁS d'fhostaíocht?
An bhfuil rochtain ag saoránaigh na mBallstát nua ar chláracha oiliúna agus fostaíochta FÁS?
An bhfuil tairiscint ar phost riachtanach roimh dhul go hÉirinn d'fhostaíocht?
An gcaithfidh saoránaigh na mBallstát nua uimhir PSP (Seirbhís Phoiblí Phearsanta) a bheith acu agus iad ag clárú le FÁS?
Conas a fhaigheann duine uimhir PSP?
An bhfuil saoránaigh na mBallstát nua i dteideal cúnamh leasa shóisialaigh a éileamh ar údaráis na hÉireann?
An féidir le saoránaigh na mBallstát nua Leas Cuardaitheora Poist a aistriú óna dtír dúchais?
Cén eolas atá ar fáil i dteangacha Eorpacha eile?
Freagraí
Cad iad ainmneacha na mBallstát nua?
I mBealtaine na bliana 2004 tháinig deich dtír nua (An Chipir, An Eastóin, An Ungáir, an Laitvia, An Liotuáin, Málta, An Pholainn, A tSlóvaic, An tSlóivéin agus Poblacht na Seice) isteach san Aontas Eorpach. In Eanáir na bliana 2007 tagann an Rómáin agus an Bhulgáir isteach san Aontas Eorpach.
An gcaithfidh saoránaigh na mBallstát nua ceadanna oibre a bheith acu chun obair in Éirinn?
Ní chaithfidh saoránaigh ón deich mBallstát nua a tháinig isteach san Aontas Eorpach i mBealtaine na bliana 2004 ceadanna oibre a bheith acu hun obair in Éirinn. Beidh na cearta céanna acu le náisiúnaigh na hÉireann agus gach náisiúnach eile de chuid an Aontais Eorpaigh fostaíocht a lorg in Éirinn.
Leanfaidh an riachtanas do náisiúnaigh na Bulgáire agus na Rómáine cead oibre a bheith acu chun fostaíocht a ghlacadh in Éirinn. Mar sin féin ní bheidh ar náisiúnaigh na Bulgáire agus na Rómáine atá ina gcónaí sa Stát mar shealbhóirí chead fostaíochta do thréimhse gan briseadh 12 mhí nó níos mó roimh an 31 Nollaig 2006 cead a bheith acu ón 1 Eanáir 2007 amach.
An bhfuil na cearta céanna fostaíochta ag saoránaigh na mBallstát nua agus atá ag saoránaigh na hÉireann
?
Tá. Tá na cearta céanna fostaíochta ag saoránaigh na mBallstát nua atá fostaithe in Éirinn agus atá ag saoránaigh na hÉireann.
An bhfuil ceart ag saoránaigh na mBallstát nua clárú le FÁS d'fhostaíocht
?
Caitear le saoránaigh na mBallstát nua, a tháinig isteach i mBealtaine 2004, go hiomlán ar an mbealach céanna leis na saoránaigh AE ar fad eile maidir le post a chuardach, i.e. beidh siad i dteideal clárú agus úsáid a bhaint as agallamh, treoir agus comhairle do shocrú poist, chomh maith le rochtain agus iarratais ar phoist trí
Jabanna Éireann FÁS
, saorúsáid bhotháin WATIS, gutháin agus nuachtáin in oifig FÁS. Beidh ceadanna oibre de dhíth fós ar shaoránaigh na Rómáine agus na Bulgáire chun obair in Éirinn (eisceacht mar atá ag 2 thuas).
An bhfuil rochtain ag saoránaigh na mBallstát nua ar chláracha oiliúna agus fostaíochta FÁS
?
Tá rochtain ag saoránaigh na mBallstát ar chláracha oiliúna agus fostaíochta FÁS, ar an gcoinníoll go sásaítear critéirí incháilitheacht . Tá na cearta seo freisin ag saoránaigh na Rómáine agus na Bulgáire a raibh ceadanna oibre acu do thréimhse gan briseadh 12 mhí nó níos mó roimh an 1 Eanáir 2007. Ní bhaineann sé seo ach leo siúd a raibh ceadanna oibre acu mar atá thuas.
An bhfuil tairiscint ar phost riachtanach roimh dhul go hÉirinn d'fhostaíocht
?
Níl. Níl tairiscint ar phost riachtanach roimh thaisteal go hÉirinn.
An gcaithfidh saoránaigh na mBallstát nua uimhir PSP (Seirbhís Phoiblí Phearsanta) a bheith acu agus iad ag clárú le FÁS
?
Caithfidh. Caithfidh aon duine atá ag clárú d'fhostaíocht le FÁS uimhir PSP a bheith acu.
Conas a fhaigheann duine uimhir PSP
?
Chun obair in Éirinn, beidh uimhir PSP Éireannach de dhíth ort. Chun é seo a fháil, caithfidh tú cuairt a thabhairt ar d'oifig áitiúil de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialaigh agus Teaghlaigh. le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas agus riachtanais iarratais, cuir glaoch ar 01-8748444 nó tabhair cuairt ar
Shuíomh na Roinne Gnóthaí Sóisialaigha agus Teaghlaigh
.
An bhfuil saoránaigh na mBallstát nua i dteideal cúnamh leasa shóisialaigh a éileamh ar údaráis na hÉireann
?
Caithfidh saoránaigh na mBallstát nua a lorgaínn cúnamh leasa shóisialaigh ó Rialtas na hÉireann an
Choinníoll Cónaithe Gnáthach
a shásamh.
An féidir le saoránaigh na mBallstát nua Leas Cuardaitheora Poist a aistriú óna dtír dúchais
?
Ba chóir go mbeadh daoine, atá i bhfostaíocht i Stát eile de chuid an EEA, i dteideal leas cuardaitheora poist a aistriú, más incháilithe, ón tír sin go hÉirinn do thréimhse 3-mhí. Eagraíonn an Oifig Leasa Shóisialaigh (nó oifig áitiúil saothair) sa tír bhunaidh an t-aistriú.
Cén eolas atá ar fáil i dteangacha Eorpacha eile
?
Cearta Fostaíochta in Éirinn
Tá eolas ag an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ar chearta dlí fostaithe in Éirinn (Treoir do Dhlí Saothair in Éirinn, dífhostuithe éagóracha, pá a íoc, téarmaí fostaíochta, leathanta saoire agus laethanta saoire poiblí, srl.) Tá an
tEolas
seo ar fáil freisin i 10 dteanga: Sínis, Seicis, Béarla, Ungáiris, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, agus Rúiisis.
Sláinte agus Sábháilteacht san Earnáil Gortóireachta
Tá eolas ar shláinte agus sábháilteacht san earnáil gortóireacht ar fáil ón Bia as Béarla, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis agus Rúisis.