Ag Earcú san Eoraip

Do phost a fhógairt san Eoraip

Is féidir le fostóirí a bhfuil deacrachtaí acu foireann a earcú in Éirinn nó gur mian leo a mbonn scileanna leathnú teacht ar chuardaitheooirí popist i dtíortha eile sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (EEA). Tá FÁS ina chuid de líonra de chuid Choimisiún na hEorpa ar a dtugtar EURES (EURopean Employment Services) a nascann bunachair spnraí na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí Eorpacha.

Is féidir le EURES cuidiú trí:

  • Folúntais a fhógairt d'aire chuardaitheoirí poist san Eoraip le suíomh gréasáin Jabanna Éireann FÁS  nó le glaoch ar Ionad Náisiúnta Teagmhála FÁS ag 1800 611 116 (ó Thuaisceart Éireann 00 353 46 973 8070);
  • Tograí earcaíochta Eorpacha ar leith a chur ar fáil d'fhostóirí aonair. Déan teagmháil le do Chomhairleoir Eures  FÁS le heghaidh tuilleadh eolais.

Bunachar Sonraí de Chuardaitheoirí Poist Eorpacha

Tugann seirbhís EURES rochtain d'fhostóirí ar bhunachar sonraí de chuardaitheoirí poist Eorpacha ag féachaint le hobair in Éirinn. Tugtar 'CV-Search' air seo agus tá sé ar fáil ag CV Ar Líne. Tá seirbhís EURES saor in aisce do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí araon. Le clárú glaooigh ar 00 800 4080 4080.

Comhairleoirí EURES (Saineolaithe Soghluaiseachta Eorpacha)

Séard is comhairleoirí EURES ann ná foireann FÁS atá oilte go speisialta i gcúrsaí soghluaiseachta Eorpacha. Is féidir leo seirbhís EURES a mhíniú d'fhostóirí agus, más gá, togra earcaíochta a eagrú san Eoraip, mar shampla, má tá deacracht ag fostóirí líon mhór d'fholúntais a líonadh. Aimsigh Comhairleoir EURES.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie