Cuardach Poist A-Z
Cuireann an t-Eolaí Cuardaitheora Poist réimse leathan d'uirlisí ar fáil chun cuidiú le jab a chuardach.
Ceadaíonn an bunachar Treoir i Slite Beatha do chuairdaitheoirí poist réimse leathan de shlite beatha a fheiceáil ó A go Z le mioneolas orthu a léiríonn riachtanais oideachais agus na bealaí le dul chun cinn sa tslí beatha. Is féidir leis an gclár maitseála slite beatha oiriúnacha a aithint do dhaoine bunaithe ar a gcuid suime agus cáilíochtaí. Tugtar scálaí tuarastail freisin atá úsáideach nuair atá roghanna á mheas.
Trí bhunachar sonraí Jabanna Éireann FÁS, is féidir le cuardaitheoirí poist a CV Ar Líne a chruthú agus a uaslódáil agus an Curriculum Vitae a nuashonrú chomh minic agus is gá. Is féidir leis na céadta fostóirí an t-eolas seo a fheiceáil agu teagmháil a dhéanamh má tá folúntais oiriúnacha acu.
Chomh luath agus a aithnítear jab ionchasach, is féidir le Nodanna Agallaimh cuidiú le cuardaitheoirí poist an t-ullmhúchán is fearr a dhéanamh chun an jab atá uathu a fháil.
Gnéithe riachtanacha de chuardach poist is ea sonraí dlí faoi Cheadanna Saothair agus Cearta Fostaíochta , ach go háirithe do dhaoine atá ag féachaint le hobair a fháil in Éirinn.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Eolaí Cuardaitheora Poist, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.