Cuardaitheoir Poist

An treo ceart á thaispeáint duit


Aimsigh post

Find A Job


Tasc spreagúil agus dúshlánach is ea an post ceart a aimsiú. Cuireann FÁS saintreoir agus acmhainní ar fáil, le rochtain ar fholúntais poist, próifíliú CV ar líne d’fhostóirí ón Eoraip uilig, agus maitseáil éifeachtach CV-go-post ag Jabanna Éireann FÁS (saorfhón 1800 611 116).

Tugann an t-Eolaí Cuardaitheora Poist tacaí luachmhara ar nós A-Z ar Shlite Beatha; CV a chruthú Ar Líne; agus Pacáiste chuardach poist, chomh maith le heolas ar Cheadúnais Oibre; agus Cearta Fostaíochta. Freisin is féidir le cuardaitheoirí poist clárú ag Oifig FÁS áitiúil nó Oifig Sheirbhísí Áitiúla Fostaíochta do sheirbhísí eolais, treorach, atreoraithe agus socraithe ar an láthair.

Tá FÁS tar éis réimse na ndeiseanna oiliúna atá ar fáil do chuardaitheoirí poist a mhéadú chun cabhrú leo teacht isteach sa mhargadh saothair in athuair. Leanfar ar aghaidh ag tairiscint cúrsaí ar nós Oiliúint Sainscileanna agus Oiliúnaíochtaí óna dtiocfaidh dámhachtainí móra faoi Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ). Tairgeann FÁS roinnt Gearrchúrsaí (2 mhodúl go hiondúil) chomh maith le Cúrsaí Oíche, Cúrsaí ar Líne agus Cúrsaí Foghlama Cumaiscthe óna dtagann deimhniúchán comhchodanna agus/nó deimhniúchán aitheanta ag an tionscal.

Tá roghanna spreagúla ann i Obair & Oiliúint Thar Lear; tugann an bunachar sonraí um shoghluaiseacht poist EURES rochtain ar fholúntais poist i 29 tír, chomh maith le heolas praiticiúil faoi nithe ar nós cáipéisí riachtanacha.

Cuireann FÁS seirbhísí tiomanta ar fáil atá dírithe ar dheis a thabhairt do dhaoine aonair páirt a ghlacadh i saol an phobail trí thaithí oibre agus cláracha oiliúna pobalbhunaithe. Freisin tá Clubanna Jab ann inar féidir le daoine scileanna a fhorbairt go gníomhach do chuardach poist mar a shonraítear i Pobail.

Is féidir le dul chun cinn i do shlí beatha a bheith chomh tábhachtach le slí beatha a aimsiú. Tuigeann fostóirí freisin go bhfuil feabhsú ar an mbonn scileanna agus eolais trí dheiseanna foghlama riachtanach d’fheidhmiú foirne agus comhlachta. Tá sé d’aidhm ag FÁS oideachas san ionad oibre agus feabhsú ar scileanna oibre, nó ‘méadú scileanna’ a chothú, trína thionscnamh Céim in Airde. Ceapadh an Clár Socrúchán Oibre (WPP), a fógraíodh le déanaí, chun deis a thabhairt do dhaoine dífhostaithe, lena n-áirítear céimithe dífhostaithe, taithí oibre 9 mí a fháil i dtimpeallacht oibre

Mar chéim ar an mbóthar chun post a fháil, cuireann FÁS iliomad cúrsaí oiliúna ar fháil do chuardaitheoirí poist, mar atá liostaithe ag Jabanna Éireann FÁS. Ina theannta sin, cuidíonn oiliúint oiriúnaithe do Phrintísigh le fir agus mná a bheith ina gceardaithe. Tabhair cuairt ar Oiliúint chun an réimse iomlán a fheiceáil de chúrsaí do chuardaitheoirí poist agus d’fhostaithe atá ag iarraidh a slite beatha a chur chun cinn.

Is féidir teacht ar eolas maidir le poist do dhaoine faoi mhíchumas nó le riachtanais speisialta, lena n-áirítear Soláthróirí Speisialta Oiliúna, chomh maith le cláracha cuimsitheachta sóisialta, ar nós Mná ag Filleadh ar Obair, ag Comhionannas agus Cuimsitheacht.

Is Eagraíocht é FÁS atá cláraithe le Láraonad Seiceála na nGardaí (GCVU) “a dhéanann nochtadh ar sheiceálacha ar stair choiriúil d’eagraíochtaí cláraithe i dtaobh le, inter alia, fostaithe ionchasacha, oibrithe deonacha, mic léinn ar socrú agus oiliúnaithe a mbeadh rochtain shuntasach, neamh-mhaoirsithe acu ar dhaoine óga agus ar aosaigh leochaileacha araon” Baineann an beartas seo le ról FÁS mar sholáthraí cláir oiliúna agus fostaíochta, go háirithe maidir le cáilitheacht agus earcaíocht rannpháirtithe nó oiliúnaithe féideartha atá ag obair nó atá faoi oiliúint chun obair le leanaí agus/ nó le haosaigh leochaileacha*.

Íoslódáil Beartas Seiceálanan Gardaí de chuid FÁS     [PDF - 29kb]

Íoslódáil Faisnéis Foghlaimeora Seiceálanan Gardaí        [PDF - 222kb]

*Tagraíonn ‘Aosaigh leochaileacha’ do dhaoine scothaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs Seiceála na nGardaí i FÁS



Chun tuilleadh eolais a fháil ar chonas clárú le FÁS, agus chun cuidiú a fháil leis an bpost is fearr a oireann dod’ riachtanais, déan teagmháil le d’Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie