Comhionannas

baile » Comhionannas » Míchumas » Soláthróirí Speisialta Oiliúna » Soláthróirí Speisialta Oiliúna

Soláthróirí Speisialta Oiliúna

Ag Freastal ar Riachtanais Speisialta

Cuireann FÁS oiliúint gairme ar fáil dóibh siúd atá dífhostaithe agus dóibh siúd atá ag filleadh ar an luacht saothair trí oiliúint scileann ar leith agus printíseachtaí, agus oiliúint dóibh siúd atá fostaithe trí printíseachtaí agus oiliúint sa chomhlacht. Moltar do dhaoine faoi mhíchumas leas a bhaint as na deiseanna Oiliúna seo ar fad.

Ina theannta sin, tá conradh ag FÁS le 20 Soláthróirí Speisialta Oiliúna (STPanna), ar nós an Líonra Náisiúnta Foghlama (an Insitiúid Náisiúnta Oiliúna agus Forbartha mar a bhí), ina 55 Ionad ar fud na tíre chun Cúrsaí oiliúna a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil níos mó tacaíochta de dhíth orthu ná mar a bheadh ar fáil ó sholáthar oiliúna neamh-speisialta.

Is iad seo a leanas cuid de phríomhthréithe na hoiliúna speisialta gairme:

  • Fad breise oiliúna;
  • Treallam leasaithe;
  • Inneachar cláir feabhsaithe;
  • Coibhneas oiliúnóir-foghlaimeoir;
  • Cáilíochtaí speisialtachta na foirne;
  • Deiseanna breise do mheasúnú; agus
  • Cur chuge aonair.

Go ginearálta, tá trí chineál Riachtanas Speisialta Oiliúna, a dtugtar aghaidh agus freagra orthu trí Sholáthróirí Speisialta Oiliúna, is iad sin riachtanais a bhaineann le rochtain; riachtanais a bhaineann le hábhar agus fad oiliúna; agus riachtanais a bhaineann le hoiliúint neamhghairme.

Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat leas a bhaint as an gcineál seo oiliúna déan teagmháil le d'Oifig FÁS áit is féidir leat na roghanna ar fad a fhiosrú.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie